Feidhmíonn an tSeirbhís Chabhlaigh mar an ghníomhaireacht oifigiúil le freagracht as oibriú Airmheán Monatóireachta Iascaigh na hÉireann (AMI). Tá an AMI lonnaithe ag Bunáit Chabhlaigh Inis Sionnach. Comhlíontar an fhreagracht sin mar chuid den Chomhaontú Seirbhíse idir an Roinn Cosanta, an tSeirbhís Chabhlaigh agus an tíšdarás um Chosaint Iascaigh Mhara (SFPA).
Déanann an AMI monatóireacht agus faireachán ar gach árthach a bhfuil Córas Faireacháin írthach (CFA) air agus atá ag feidhmiú i gcrios eacnamaíoch eisiach (EEZ) na hÉireann agus ar gach árthach Éireannach atá ag feidhmiú i ndlínse ar bith.
Déanann an AMI monatóireacht agus faireachán chomh maith ar gach árthach a bhfuil Córas Faireacháin írthach (CFA) air agus atá ag feidhmiú in uiscí NEAFC cóngarach d’uiscí na hÉireann.
Áiríonn an mhonatóireacht agus an faireachán sin iontráil agus imeacht gach árthaigh iascaireachta sna limistéir seo a leanas de EEZ na hÉireann:
- Aon limistéar muirí ina bhfuil feidhm ag rialacha sonracha maidir le rochtain ar uiscí agus acmhainní
- Aon limistéar srianta iascaireachta dá dtagraítear sna Rialacháin Rialála
Déanann an AMI monatóireacht ar iontráil agus imeacht gach árthaigh iascaireachta Éireannach sna limistéir seo a leanas;
- Aon limistéar muirí ina bhfuil feidhm ag rialacha sonracha maidir le rochtain ar uiscí agus acmhainní
- Aon limistéar srianta iascaireachta dá dtagraítear sna Rialacháin Rialaithe
- Aon limistéar rialála d’aon RFMO a bhfuil Éire rannpháirteach ann
- Uiscí atá faoi cheannas agus faoi dhlínse an tríú tír
Tá an AMI freagrach as na sonraí CFA go léir a choinneáil i bhfoirm inléite ar ríomhaire ar feadh tréimhse trí bliana ar a laghad.
Gníomhaíonn an AMI chomh maith mar an t-údarás inniúil ainmnithe chun gach tuairisc iarrachta agus riachtanas fógartha forrán a fháil ó iascairí. íiríonn sé sin oibriú agus bainistiú an chórais bainistithe forrán ‘Speechstorm’ ainmnithe.
Bíonn foireann ag an AMI ceithre huaire is fiche sa lá, seacht lá na seachtaine. Déantar monatóireacht ar ghníomhaíocht agus déantar eolas a chomhordú agus a dháileadh de réir mar is gá chuig an tSeirbhís Chabhlaigh, chuig an Aerchór agus chuig SFPA.
Córas Faireacháin Árthach (CFA)
Déanann an Córas Faireacháin írthach (CFA) próiseáil ar eolas a mhalartaíonn árthaigh iascaireachta chláraithe de chuid na hÉireann ag úsáid cumarsáid satailíte ar bord maidir le láthair, iarracht agus gabháil. Tá córas CFA ag gach árthach os cionn 12 méadar.
Baintear úsáid as na córais sin go príomha san Airmheán Monatóireachta Iascaigh (AMI), ar bord longa na Seirbhíse Cabhlaigh agus ar bord Aerárthaigh Phatról Muirí an Aerchóir i mbun dualgas cosanta iascaigh.
Suiteáladh an córas monatóireachta árthach a bhíonn in úsáid ag an Lárionad Monatóireachta Iascaigh in 2000 agus soláthraíonn sé taispeántas físe ar láthair na n-árthach iascaireachta go léir laistigh de EFL na hÉireann agus láithreacha domhanda na n-árthach iascaireachta Éireannach.
Bíonn thart ar 400 árthach gníomhach in uiscí na hÉireann gach lá.
Córas Cosanta Iascaigh - Lirguard
Tá an tseirbhís Chabhlaigh a feidhm cosanta iascaigh agus bunachar sonraí uathoibrithe cé go bhfuil an Chórais Faisnéise Geografaí (GIS) a fhorbairt agus a úsáid ó lár na 1990í.
Is é Lirguard an córas cosanta iascaigh reatha in úsáid ag an tSeirbhís Chabhlaigh.
Is é Lirguard FPS an sraith chomhtháite foriomlán córais a úsáidtear chun oibríochtaí cosanta iascaigh a bhainistiú. Déanann na córais seo a leanas leis an FP Lirguard:
Córas Faisnéise Iascaigh (FIS)
Is feidhmchlár é FIS a úsáidtear chun faisnéis a ghabháil, a choimeád agus tuairsiciú ina leith, faisnéis maidir le hárthaigh iascaigh, úinéirí, scipéirí, clárúcháin, ceadanna, dearcthaí, dul ar bord, rabhaidh, coinneáil, tuarascálacha ar dhícheall, lena n-áirítear sonraí ar shuíomh agus ar ualach iasc.
Tá macasamhail an bhunachair sonraí ar gach Long de chuid na Seirbhíse Cabhlaigh a léiríonn, i bhfíor-am beagnach, an máistir-bhunachar sonraí in Inis Sionnach. Cuireann an FIS áis tuairiscithe ar fáil a chuireann go mór le solúbthacht agus inoiriúnaitheacht an chórais do gheallsealbhóirí inmheánacha agus seachtracha.
Córas Geografach Iascaigh (FGS)
Is córas é an FGS atá ceangailte leis an FIS. Taispeánann sé suíomhanna árthach ar chúlra de chairt loingseoireachta agus cumasaíonn sé raon leathan oibríochtaí anailíse agus spáis.
Toisc go mbaineann an chuid is mó de na sonraí san FIS le suíomhanna írthach Iascaigh agus írthach Patróil na Seirbhíse Cabhlaigh, is é an modh is praiticiúla leis an bhfaisnéis a thaispeáint don úsáideoir ná trí Chóras Faisnéise Geografaí (GIS) leis na suíomhanna ar taispeáint i gceart i gcoibhneas le limistéir aitheanta agus le hárthaigh eile ar chúlra de chairt loingseoireachta.
Córas Reachtaíochta Iascaigh (FLS)
Is córas é FLS le haghaidh mionsonraí agus achoimrí ar Reachtaíocht an AE agus na hÉireann a bhaineann le Cosaint Iascaigh a thaifeadadh agus a thaispeáint. Déanann an córas Treoracha Cabhlaigh maidir le hIascach a thaifeadadh agus a thaispeáint chomh maith.
Tá sé foghlamtha ó thaithí ag an tSeirbhís Chabhlaigh gur gá go mbeadh an fhaisnéis reachtaíochta is cothroime le dáta ar fáil dá pearsanra agus iad ar farraige. An Sainchóras Reachtaíochta Iascaigh (FLES) a bhí ann roimh an FLS nua. De bharr go mbíonn gach sainchóras costasach ó thaobh acmhainní agus cothabhála de, chuir an tSeirbhís Chabhlaigh taisclann doiciméad ar bun a bhfuil acmhainneacht cuardaigh chumhachtach aici, lena n-áirítear cuardaigh meiteashonraí, a ndéanann foireann an FMC a chothabháil.
Córas Tuairiscithe agus Taifeadta Leictreonaigh (ERS)
Is córas é an ERS ina gcaithfidh gach árthach iascaigh os cionn 24 méadar Gaireas Iontrála Sonraí (DED) a bheith ar bord acu. Tá sin ann in áit an logleabhair pháipéir a bhíodh ag an scipéir roimhe seo chun an t-ualach iasc laethúil, Crios ICES, srl, a iontráil. Ar an tslí chéanna, beidh Gaireas Gabhála Sonraí (DCD) á iompar ag an bhfoireann chigireachta NS ar farraige, a chuirtear amach ó írthach Patróil an Chabhlaigh chuig árthach iascaireachta. Iontrálfar faisnéis agus mionsonraí ualaigh iasc an árthaigh sa ghaireas seo. Sábhálfar an fhaisnéis sin sa Chóras Faisnéise Iascaigh ansin lena cur ar aghaidh. Beidh an próiseas níos trédhearcaí, níos éifeachtúlaí, níos cruinne agus níos saoire ó thaobh costais de, de bharr an ERS.
Bunús an Lárionaid Monatóireachta Iascaigh
Sa Bhunáit Chabhlaigh i lár na 1980idí a bunaíodh an Lárionad Maoirseachta Náisiúnta (NSC). Stóráladh na sonraí monatóireachta iascaigh go léir de chuid na Seirbhíse Cabhlaigh ó 1983 ar aghaidh ar an ríomhaire sin. Ar pháipéar a coimeádadh na sonraí go léir ar chigireachtaí iascaigh roimhe sin. íirítear ar na sonraí sin faisnéis ó acmhainní cabhlaigh agus aeir maidir le dearcadh, dul ar bord, rabhadh agus coinneáil.
Ainmníodh an NSC ina ionad tuairiscithe d’írthaigh Iascaireachta a bhí ag oibriú in EFL na hÉireann. Cuireadh leis an gCóras Oracle trí Chóras Faisnéise Geografaí agus uirlisí reachtaíochta a úsáid chun Córas Faisnéise Cosanta Iascaigh (FPIS) a cheapadh.
Sa bhliain 1998 a bunaíodh an tionscadal Lirsat chun boscaí trasfhreagróra a chur ar fáil d’árthaigh iascaireachta mar chuid de scéim Eorpach níos leithne. I 1999 suiteáladh Córais Mhonatóireachta írthach (VMS) (Neamhdhaingnithe) agus aistríodh an NSC isteach ina Lárionad Monatóireachta Iascaigh. Rinneadh uasghrádú ar an VMS go dtí leagan daingnithe i 2008.